Ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig

Tagann dhá cheolfhoireann ó Chontae na Gaillimhe le chéile le haghaidh craoladh uathúil RTÉ ar Lá Fhéile Pádraig

Tháinig dhá cheolfhoireann ó Chontae na Gaillimhe, Symphonic Waves agus Ceolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe, le chéile le gairid le haghaidh taibhléiriú comhoibríoch a chraolfar ar oíche Lá Fhéile Pádraig (17 Márta, 2021) ar an gcainéal teilifíse RTÉ a hAon mar chuid de Ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig. Níor roghnaíodh ach líon beag taibhléirithe don chraoladh ceiliúrtha seo ag an bpríomh-am sceidil ar oíche Lá Fhéile Pádraig.

Seinnfidh an dá cheolfhoireann píosa nua dar teideal The Magic Carpet le Eric Cunningham, a ndeachaigh Ita Geraghty agus Cian Boylan i gcomhpháirt chun é a chóiriú. Beidh damhsóir na Gaillimhe, Daniela Goluba (17), ó Acadamh Damhsa Genevieve Ryan, ag dul ar an stáitse in éineacht leo.

Rinne Féile Naomh Pádraig éascaíocht do Symphonic Waves agus do Cheolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe a dtaibhléiriú a dhéanamh ar Thrá na bhForbacha i gContae na Gaillimhe agus iad ag cloí go docht le treoracha agus le maoirseacht Covid-19. I ngeall ar shriantaí Covid-19, agus cosúil le gach ceolfhoireann áitiúil agus náisiúnta eile, ní raibh ceachtar den dá cheolfhoireann seo in ann teacht le chéile le aghaidh cleachtadh ná dul ar an stáitse go poiblí le corradh is bliain anois, agus tá an comhléiriú seo uathúil ar go leor bealaí mar sin.

Ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig curtha i láthair ag Baz Ashmawy agus beidh clár imeachtaí sé lá i gceist. Craolfar breis is 100 clár ar SPF TV, cainéal teilifíse faoi leith a bheidh i mbun craolta ón 12-17 Márta ag www.stpatricksfestival.ie agus ar theilifíseanna in 1.1 milliún áit chónaithe ar fud na hÉireann ar an gcainéal Oireachtas TV. Beidh an cultúr agus an chruthaitheacht i lár an aonaigh ar an gcraoladh speisialta seo de chuid RTÉ a hAon ag 6.30pm ar an 17 Márta agus áireofar leis ceol, damhsa, filíocht, na hamharc-ealaíona, mar aon leis an gcóiméide agus an chraic, chomh maith le taibhléirithe spreagúla a ardóidh an croí. Tarraingeoidh an clár aird ar ealaíontóirí agus ar thaibheoirí na Féile, agus in éineacht le dá cheolfhoireann na Gaillimhe beidh an pop-ealaíontóir Soulé, gearrscannán ón taibheoir Mark Smith, a bhfuil gradaim bainte aige, agus dán a coimisiníodh go sainiúil ón ealaíontóir béil Stephen James Smith, ina mbeidh an t-aos óg as gach ceann de na 32 contae páirteach ann. Beidh taibhléiriú an-speisialta ann ó na Hot House Flowers chomh maith mar aon le neart eile le taitneamh a bhaint as.

Agus í ag caint ar an ról a bheidh ag Symphonic Waves sa chraoladh, labhair Ceannasaí Chlár de chuid Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa, Marilyn Gaughan-Reddan, mar seo a leanas: “Is tionscadal oidhreachta substaintiúil de chuid Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa í Symphonic Waves. Táimid thar a bheith sásta a bheith páirteach sa cheiliúradh seo ar Lá Fhéile Pádraig ina bhfuil scoth na n-ealaíontóirí ón iarthar. Tá an saothar cóirithe agus curtha i láthair go hálainn. Tréaslaím le gach duine a bhí páirteach ann”.

I bhfianaise na srianta ar uimhreacha i dtaca le taifeadadh beo, rinne 86 ball ón dá cheolfhoireann taifeadadh den saothar céanna ón mbaile agus craolfar an taibhléiriú fíorúil sin ar líne leis féin ar an 20ú Márta. Beidh Ceolfhoireann RTÉ, Anúna, Ceolfhoireann Óige Uladh, taibheoirí ó Lord of the Dance agus Riverdance mar aon leis an amhránaí Sibéal ann i measc taibheoirí eile. Is féidir féachaint ar an taibhléiriú ar an 20ú Márta ar Youtube nó Facebook Live ag 8pm GMT ag an nasc seo: https://linktr.ee/citizensofsong

Is é Music Generation Chontae na Gaillimhe agus Gaillimh 2020 a chuireann an Cheolfhoireann Óige Symphonic Waves i láthair i gcomhpháirt le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Is cuid de Music Generation é Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann a bhfuil sé mar aidhm aige saol leanaí agus daoine óga a shaibhriú trí rochtain a thabhairt dóibh ar oideachas ceoil thaibhithe fóirdheontais ar ardchaighdeán. Is é a mháthairchuideachta, Music Network, a thionscain Music Generation agus tá sé á mhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil. Tacaíonn Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin go háitiúil le Music Generation Chontae na Gaillimhe agus tá sé á mhaoiniú acu i gcomhar le páirtithe maoinithe eile, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Tusla, Foróige, Youth Work Ireland agus Involve.

Tá Féile Naomh Pádraig ag feidhmiú mar sheirbhís riachtanach faoin gcatagóir ‘Eolas agus Cumarsáidí’ arna ainmniú ag Roinn an Taoisigh chun críche craoladh teilifíse agus ar líne a thaifeadadh.