Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin tiomanta ar a láithreán gréasáin a bheith inrochtana, i gcomhréir le Rialacháin 2020 an Aontais Eorpaigh um Inrochtaineacht Láithreáin Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.gretb.ie
Stádas Comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo ag páirt-chomhlíonadh na dTreoirlínte Inrochtaineachta maidir le hÁbhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA.
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin meáite ar láithreán gréasáin a chur ar fáil a mbeidh rochtain ag an méid daoine agus is féidir air, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas. Faoi láthair táimid ag obair le Vially agus Vision Ireland lena chinntiú go gcomhlíonann muid na caighdeáin inrochtaineachta. Táimid i gcónaí ag feabhsú eispéireas an úsáideora do gach duine agus ag cloí leis na caighdeáin inrochtaineachta riachtanacha.
Sna Treoirlínte Inrochtaineachta maidir le hÁbhar Gréasáin (WCAG 2.1) sainmhínítear na riachtanais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas.
Gnéithe Inrochtaineachta an Láithreáin Gréasáin seo
Nasc chun scipeáil chuig an ábhar – feidhmíonn sé ar gach leathanach gréasáin chun gur féidir le húsáideoirí méarchláir míreanna ar nós pánaí nascleanúna a sheachaint.
Táblaí inrochtana – lipéid chearta orthu
Téacs nasctha tuairisciúil agus úsáideach - chun úsáideoirí a chur ar an eolas cá dtabharfaidh naisc iad.
Comhoiriúnacht le gach córas oibriúcháin agus nascleanúint mhóibíleach – chun comhsheasmhacht sa leagan amach agus sa nascleanúint a chinntiú ar gach gléas agus córas oibriúcháin. – to ensure consistency in layout and navigation across all devices and operating systems.
Ábhar Neamh-inrochtana
Nascleanúint Méarchláir/Léitheoir Scáileáin – níl fáil air ar chodanna den láithreán gréasáin fós
Íomhánna – táimid ag obair faoi láthair ar théacs malartach a chur le gach íomhá
Físeáin - táimid ag obair ar cheannteidil agus scríbhinní a chur leis na físeáin.
Ábhar dea-struchtúrtha le ceannteidil éifeachtacha - tá ceannteidil soiléir á gcur againn ar na leathanaigh.
Inrochtaineacht doiciméad - Níl sé curtha i bhfeidhm go fóill.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
D’ullmhaigh Vially an ráiteas inrochtaineachta seo agus rinne siad meascán tástálacha de láimh agus go huathoibríoch ag úsáid réimse ardán, Windows (JAWS, NVDA), Mac (VoiceOver), iOS (VoiceOver) agus Android (TalkBack), chomh maith lena gcuid uirlisí inrochtaineachta féin. Cruthaíodh loga mionsonraithe de na deacrachtaí le cur i gcomparáid le caighdeán WCAG 2.1. Cuireadh na deacrachtaí seo ar aghaidh chuig an bhfoireann forbartha atá ag leasú na bhfadhbanna sin agus ag réiteach an láithreán gréasáin chun cloí le caighdeán WCAG 2.1 AA.
Chruthaigh Vially an ráiteas seo i mí Iúil 2024.
Rinneadh an t-athbhreithniú deiridh ar an ráiteas seo i mí Iúil 2024.
Aiseolas agus Eolas Teagmhála
Fáiltíonn muid roimh aiseolas ar inrochtaineacht an láithreáin gréasáin seo. Má tá aon rud le rá agat nó má thagann tú trasna ar aon fhadhb nach bhfuil luaite ar an leathanach seo, déan teagmháil le do thoil trí [email protected].
Gnás um Fhorfheidhmiú
Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra a thugann muid duit nó más mian leat ceist inrochtaineachta nach mbaineann leis an láithreán gréasáin seo a ardú is féidir leat Fear an Phobail a fháil chun féachaint isteach ann. Téigh i dteagmháil le hoifig Fhear an Phobail nó léigh na treoracha maidir leis an gcaoi ar féidir leat gearán a dhéanamh.