Seirbhís Oideachas Bunata Aosach
Tá teanga, scileanna litearthachta agus uimhearthachta bunriachtanach do gach réimse foghlama.
Soláthraíonn ár Seirbhís Oideachas Bunata Aosach teagasc saor in aisce do gach duine fásta ar mian leo a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, litrithe, uimhearthachta agus ríomhairí a fheabhsú. Chomh maith leis sin, ofrálaimid Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile [ESOL], mar aon le Cláir Foghlama Teaghlaigh agus cúrsaí i Scileanna don Obair agus scileanna Gnóthaithe poist.
Féachaimid le cur ar chumas gach foghalimeora a bheith go hiomlán rannpháirteach sna deiseanna oideachais agus oiliúna atá ar fáil dóibh. Cinntímid go mbíonn gach idirghabháil litearthachta agus uimhearthachta agus tacaíochtaí ar fáil chun freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile a ghlacann páirt sna snáitheanna clár laistigh de Bhreisoideachas agus Oiliúint.
Deartar ár gcúrsaí bunaithe ar riachtanais gach foghlaimeora ar bhealach atá cairdiúil, tacúil agus faoi rún.
Féadfaidh cúrsaí a bheith creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe. Ofráiltear ár gcúrsaí ag Leibhéil 1 go 3 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí [NQF] Leibhéil 1 go 3.
Ofráiltear cúrsaí do ghrúpaí beaga nó ar bhonn 1:1. Tá ár gcúrsaí ar fad páirtaimseartha agus bíonn siad ar fáil i gcaitheamh na bliana i nGaillimh agus i Ros Comáin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, le do thoil, amharc ar ár Liosta Cúrsaí nó téigh i dteagmháil le d’Ionad Breisoideachais agus Oiliúna áitiúil nó lenár Seirbhís Faisnéise agus Treorach.