Fáilte go hUirlis Déantóra CV Sheirbhís Treorach, Eolais agus Earcaíochta GRETB.
Is ann don uirlis seo chun tacú leat do CV a chruthú. Ní shábhálann agus ní stórálann GRETB aon eolas a chuireann tú isteach san uirlis.
EOLAS GINEARÁLTA
- Sula dtsosaíonn tú, beidh ort dátaí agus sonraí stair gach fostaíochta, oideachais agus oiliúna roimhe seo a bheith in aice láimhe.
- Nuair atá tu ag cruthú do CV, d’fhéadfadh sé a bheith cabhrach an tsonraíocht/cur síos poist a bheith in aice láimhe agat.
- Smaoinigh, má chuirtear ar ghearrliosta tú le haghaidh agallaimh, go mbeidh ort tagairt do na sonraí i do CV, mar sin coinnigh ábhartha é.
- Tosaigh ag cur tús le do CV trí chliceáil ar na ránnáin ar leith ar thaobh na láimhe clé de do scáileán.
- I ngach rannán, cliceáil ar an gcnaipe Leideanna agus Nodanna’ chun teacht ar eolas úsáideach chun tú a threorú trí gach rannán.
- Féadfaidh tú cliceáil ar an gcnaipe ‘Réamhamharc’ chun leagan amach do CV a fheiceáil, chomh maith leis an eolas atá curtha isteach agat.
- Féadfaidh tú atheagar a dhéanamh ar leagan amach na rannán trí pé ord is fearr leat a tharraingt agus a scaoileadh. Tabhair faoi deara go bhfanann rannán an eolais phearsanta ag an mbarr i gcónaí.
- Má imíonn tú ón uirlis gan do CV a íoslódáil, caillfidh tú do chuid eolais.
- Chun do chuid oibre a shábháil, is gá é a íoslódáil mar cháipéis Microsoft Word trí chliceáil ar an gcnaipe. Download MS Word (.docx)’
- I ndiaidh duit íoslódáil, féadfaidh tú eagarthóireacht a dhéanamh ar do cháipéis CV Microsoft Word de réir do roghanna féin.
Tá súil againn go mbeidh an uirlis seo úsáideach duit. Ma bhíonn aon cheisteanna agat, le do thoil cuir saorghlao orainn ar 1800 140 242 1800 140 242 nó ríomhphost [email protected].
Ring 1800 140 242