Is féidir le foghlaimeoirí atá fostaithe leas a bhaint as réimse leathan cúrsaí ar líne atá maoinithe go hiomlán.

GRETB Online Courses - eCollege

Cén fáth go roghnaíonn ár bhfoghlaimeoirí eCollege?

Bíonn ár bhfoghlaimeoirí gnóthach agus ní mór dóibh a gcuid foghlama a eagrú i gcomthéacs a bhfuil ar siúl acu ina gcuid oibre nó sa bhaile. Tairgimid cúrsaí a chabhróidh leat scileanna nua a shealbhú a rachaidh chun tairbhe leat i do ghairmréim, nó a dhéanfaidh níos éasca ort tabhairt faoi ghairmréim nua, nó filleadh ar an saol oibre tar éis sos a thógáil.

Tacóimid leat do chuid foghlama a thabhairt chun críche ar bhonn solúbtha, agus cuirfimid teagascóirí ar fáil chun do chuid ceisteanna a fhreagairt agus tú a choinneáil ar an mbóthar ceart.

Cúrsaí atá ar fáil Ar Líne

Bainistíocht Tionscadal

GRETB – Bonnchúrsa i mBainistíocht Tionscadal Aclaí (AgilePM) (Ar Líne)  – tagairt cúrsa 466061. Dearadh an cúrsa seo d’fhoghlaimeoirí ar mian leo tuiscint a fháil ar bhunphrionsabail an chreata AgilePM. Mura bhfuil aon taithí agat ar bhainistíocht tionscadal aclaí nó más mian leat cur le do thuiscint ar an modheolaíocht AgilePM, d’fheilfeadh an cúrsa seo duit.
 

GRETB – Buneolas faoi Thionscadail (APM) (PFQ) – tagairt cúrsa 466046. Clár oiliúna cuimsitheach é seo a thabharfaidh buneolas d’fhoghlaimeoirí faoi phrionsabail agus cleachtais bhainistíocht tionscadal. D’fheilfeadh an cúrsa seo dóibh siúd atá ar bheagán taithí le bainistíocht tionscadal nó atá ag féachaint le cur lena scileanna bainistíocht tionscadal.

 

Ríomhchlárú

GRETB Speisialteoir TF Python (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466020. Tá an cúrsa ar líne seo dírithe ar bhunscileanna agus coincheapa Python a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí, arb é ceann de na teangacha ríomhchlárúcháin trasardáin is coitianta agus is ilúsáide ar domhan é.

Dearadh Digiteach

GRETB – Dearadh Físiúil le Adobe Photoshop (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466142. Is é Adobe Photoshop an pacáiste bogearraí eagarthóireachta íomhá a úsáidtear go caighdeánach san earnáil. Tá sé in úsáid ar fud an domhain ag grianghrafadóirí gairmiúla, grianghrafadóirí amaitéaracha agus ag dearthóirí ar mian leo feabhas a chur ar na híomhanna digiteacha atá tógtha acu lena gceamaraí. An aidhm atá ag an gclár seo bunphrionsabail an deartha a thabhairt don fhoghlaimeoir nach bhfuil aon taithí roimhe sin aige nó aici, mar aon le tuiscint mhaith ar Adobe Photoshop.

GRETB – Dearadh Digiteach agus Buneolas Margaíochta (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466040. Tugadh an clár seo isteach chun riachtanais oibrithe gairmiúla i réimse earnálacha a chomhlíonadh agus chun scileanna a thabhairt dóibh siúd a bhfuil róil acu atá ag brath ar theicneolaíocht. Tá modúil ar an gcúrsa seo faoi eagarthóireacht íomhánna, margaíocht dhigiteach, eagarthóireacht gréasáin agus ríomhthráchtáil. Is féidir le foghlaimeoirí teastasú ICDL a bhaint amach i ngach ceann de na modúil sin.

GRETB Dearadh Grafach agus Léiriúchán trí Illustrator a úsáid (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466024. An aidhm atá ag an gcúrsa seo bunphrionsabail an dearaidh a mhúineadh don fhoghlaimeoir gan aon taithí, agus tuiscint mhaith a thabhairt dóibh ar Adobe Illustrator. Tar éis duit do theastas a ghnóthú, beidh punann agat a bheidh ina shócmhainn luachmhar sa chás go bhféachann tú le fostaíocht a fháil i réimsí an dearaidh grafaigh nó na margaíochta digití.

GRETB Gairmí Margaíochta Digití Deimhnithe – CDMP (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466029. Tabharfaidh an cúrsa seo bonneolas d’fhoghlaimeoirí faoi chroí-choincheapa na margaíochta digití. Tabharfaidh an cúrsa Gairmí Margaíochta Digití Deimhnithe ón Digital Marketing Institute (DMI) tús eolais d’fhoghlaimeoirí maidir le príomhspeisialtachtaí margaíochta digití, cosúil le margaíocht ar na meáin shóisialta, margaíocht le ríomhphost, margaíocht íoc ar chlic (PPC) agus optamú innill cuardaigh (SEO).

Gairmí TF

GRETB – CompTIA A+ (220-1101 & 220-1102) (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466124. Is é teastasú CompTIA A+ an cháilíocht tionscalchaighdeánach dóibh siúd ar mian leo dul ag obair san earnáil TF agus is é an teastasú is coitianta a iarrtar do go leor ról i dtacaíocht theicniúil agus oibriúcháin TF. Tugann an cúrsa seo tús eolais duit agus déanfaidh sé éascaíocht duit tabhairt faoi dhisciplíní TF eile mar aon le bealaí chun tabhairt faoi staidéar breise.

GRETB – Buneolas maidir le Microsoft Azure Cloud (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466129. Ardán néalbhunaithe is ea Microsoft Azure a mbaintear úsáid as chun críche tástáil, imlonnú, agus tógáil feidhmchlár agus seirbhísí tríd an ardán Azure Cloud. Is do dhaoine atá tar éis tosú ag obair le réitigh agus seirbhísí néalbhunaithe atá an cúrsa seo beartaithe. Ba cheart go mbeifeá in ann a thaispeáint go bhfuil buneolas agat maidir le coincheapa néil, chomh maith le soláthróirí Seirbhísí Néil, ualaí oibre, slándáil, príobháideacht agus tacaíocht. Anuas air sin, ba cheart go mbeifeá eolasach faoi choincheapa an líonraithe, na stórála, tacaíochta feidhmchláir agus forbartha feidhmchlár.

Táirgeacht Oifige

GRETB – Tús Eolais maidir le Prionsabail Códaithe (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466063. Is cúrsa do thosaitheoirí an cúrsa seo agus dearadh é mar chúrsa iontrála don chódú. Tabharfar buneolas duit agus gheobhaidh tú buntuiscint ar chódú (Python). Moltar é dóibh siúd nach bhfuil códú déanta acu roimhe seo agus cuirfear ar chumas an fhoghlaimeora dul ar aghaidh chuig cúrsaí códaithe ag leibhéal níos airde. Déanann ICDL teastasú don chúrsa seo.

GRETB – Anailísíocht Sonraí (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466033. Tá an cúrsa seo dírithe ar fhoghlaimeoirí ar mian leo an bonneolas riachtanach a fháil chun oibriú le tacair sonraí agus anailís staitistiúil a dhéanamh. Baintear úsáid as anailísíocht sonraí i mbeagnach gach eagraíocht, idir sonraí díolacháin, táirgthe agus lóistíochta, agus bíonn feidhmíocht níos éifeachtaí agus níos eolasaí ag eagraíochtaí nuair a dhéantar anailís ar na sonraí sin.

GRETB Microsoft Excel Expert 2019 (Ar Líne) – tagairt cúrsa 465950. Clúdaítear ar an gcúrsa an bonneolas atá de dhíth chun bileoga oibre a chruthú agus a bhainistiú, raonta ceall a ainmniú agus oibriú leo, táblaí a chruthú, foirmlí agus feidhmeanna a chruthú, mar aon le cairteacha agus oibiachtaí. Tugtar cásanna samplacha praiticiúla d’fhoghlaimeoirí chun a gcumas a mheas, agus tá tástáil ann atá bunaithe ar chaighdeáin. Bronnfar Teastas Microsoft Office Specialist (MOS) Excel Expert 2019 MO-201 ar na foghlaimeoirí siúd a n-éiríonn leo sa scúdú.

GRETB – Microsoft Excel 2019 (Ar Líne) – tagairt cúrsa 465946. Tabharfaidh an cúrsa oiliúna ar líne seo na scileanna, eolas agus inniúlachtaí d’fhoghlaimeoirí a chuirfidh ar a gcumas oibriú le scarbhileoga le Microsoft Excel 2019. Bronnfar Teastas Microsoft Office Specialist (MOS) Excel ar na foghlaimeoirí a n-éiríonn leo sa scúdú. Léiríonn teastasú MOS go bhfuil sainscileanna oifige ag iarrthóirí agus is féidir fostaíocht a fháil mar thoradh air i réimsí cosúil le Bainisteoir Oifige, Cúntóir Feidhmiúcháin agus Cúntóir Riaracháin.

GRETB Buneolas Ríomhaireachta (Computer Essentials) ICDL (Ar Líne) – tagairt cúrsa 465940. An aidhm atá ag an teastasú International Computer Driving Licence (ICDL) scileanna a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chun ríomhaire a úsáid go hinniúil agus le muinín. Tá an ICDL ar cheann de na teastais ríomhaireachta is mó atá aitheanta ar fud an domhain. Ar chríochnú an chláir seo go rathúil dóibh, beidh rannpháirtithe in ann raon leathan feidhmchlár bogearraí a úsáid ar ríomhaire pearsanta agus fostaíocht a fháil i raon post cléireachais/riaracháin in earnálacha éagsúla.

Léargais Teicneolaíochta

GRETB Intleacht Shaorga (Ar Líne) – tagairt cúrsa 465894. Tabharfaidh an modúl Intleacht Shaorga tús eolais d’fhoghlaimeoirí faoina bhfuil i gceist le hintleacht shaorga (AI) agus faoina féidearthachtaí, arb í an intleacht a léiríonn an meaisín nuair a dhéanann sé a thimpeallacht a bhraith agus nuair a thugann sé faoi ghníomhartha a dhéanann an dóchúlacht go mbainfear amach spriocanna faoi leith a uasmhéadú. Tá AI tar éis éirí níos tábhachtaí in go leor tionscal maidir le próisis a shruthlíniú agus maidir le cinnteoireacht. Cabhróidh an modúl le foghlaimeoirí tuiscint mhaith a fháil ar AI agus ar a chumais chomh maith leis an gcaoi ar féidir é a úsáid i suíomhanna éagsúla gnó agus eagrúcháin.

Eolas Bunúsach don Ionad Oibre

GRETB – Cibearshlándáil (Ar Líne) – tagairt cúrsa 466056. Tá sé tábhachtach don duine aonair agus d’eagraíochtaí tuiscint a fháil ar dhea-chleachtais maidir le nasc líonra slán a choinneáil. Faigh na scileanna chun an tIdirlíon a úsáid ar bhealach slán agus déan bainistiú ar shonraí agus ar eolas. Tá ról ríthábhachtach ag cibearshlándáil mar go gcabhraíonn sé le heagraíochtaí agus le daoine aonair a chosaint ó chibirionsaithe. Bíonn sonraí agus eolas luachmhar, agus is buntáiste é in go leor post an t-eolas, scileanna agus feasacht a bheith ag daoine chun iad a chosaint.]

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn aon chúnamh eile uait, déan teagmháil linn ag [email protected].