Scileanna don Obair

Cuireann an clár Scileanna Oibre oideachas agus oiliúint atá maoinithe go hiomlán ar fáil d’fhostaithe lánaimseartha nó páirtaimseartha mar chuid de Straitéis Náisiúnta Scileanna an Rialtais.

Cuirimid cláir sholúbtha agus thacúla ar fáil agus bíonn cáilíochtaí idir leibhéal 1 agus leibhéal 3 ar an gCreat Náisiúnta Cailíochtaí mar thoradh orthu. An aidhm atá ag na cláir seo cur le scileanna agus cabhrú le dul chun cinn gairmréime agus ag an am céanna feasacht a mhúscailt maidir le foghlaim feadh an tsaoil i measc foghlaimeoirí lánfhásta a bhfuil leibhéil ísle oideachais fhoirmeálta acu.

GRETB Skills for Work

Maidir lenár gClár Scileanna Oibre (SFW)

  • D’fhéadfadh roinnt ábhar a bheith i gceist le clár SFW chun tacú le riachtanais oideachais an fhostaí.
  • Reáchtáiltear an clár ar áitreabh an chomhlachta féin nó san Ionad Breisoideachais agus Oiliúna GRETB áitiúil, nó ag suíomh eile oiriúnach.
  • Déantar cláir SFW a dhearadh agus a sheachadadh ar bhealach solúbtha agus inoiriúnaithe chun riachtanais an fhostóra agus an fhostaí a chomhlíonadh.
  • Ní bhíonn fad na gclár mar a chéile.
  • Is gnách go mbíonn seisiúin idir 2 agus 3 uair an chloig agus is féidir iad a shocrú ar maidin, san iarnóin nó um thráthnóna.
  • D’fhéadfaí rannpháirtithe a scaoileadh saor ón obair chun páirt a ghlacadh i gcláir SFW.
  • Bíonn teastasú in aisce i gceist leis an gcuid is mó acu a aithnítear go náisiúnta.
  • Níl aon táille teagaisc ann.

Céard iad aidhmeanna an Chláir Scileanna Oibre?

  • Éiteas na foghlama feadh an tsaoil a chur chun cinn san ionad oibre.
  • Cur le cruthú fórsa oibre a bhfuil leibhéil arda oideachais agus oiliúna orthu.
  • Leibhéal inniúlachta fostaithe a ardú.
  • Tionscnaimh a fhorbairt chun scileanna cumarsáide agus TF an fhostaí a fhorbairt.
  • Cur ar chumas fostaithe a bheith in ann déileáil le hathruithe minice agus leanúnacha i gcleachtais oibre.

Seo a leanas roinnt de na cúrsaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist:

  • Scileanna i gCúram Custaiméirí
  • Teicneolaíocht Faisnéise – Scileanna Digiteacha
  • Sábháilteacht san Ionad Oibre
  • Nósanna Imeachta Oifige
  • Bia agus Cothú
  • Folláine
  • Cláir Tacaíochta d’Fheirmeoirí
  • Scileanna Cócaireachta
  • Béarla
  • Béarla don Ghnó (tacaíocht teanga san ionad oibre)
  • Scileanna Miondíola
  • Oiliúint sna Meáin Shóisialta
  • Tús Eolais maidir le LinkedIn, Facebook agus Instagram

Tá cúrsaí creidiúnaithe agus neamhchreidiúnaithe ann.

Déantóir CV

Rachael Farrell

Comhordaitheoir Scileanna Oibre

Ríomhphost [email protected]

Teil: (086) 2036883