We are recruiting Instructors – Phase 2 Electrical Apprenticeship

An leictreoir tú? An bhfuil taithí agat a bheith ag déanamh maoirseachta ar phrintísigh i d’áit oibre? An bhfuil cothromaíocht oibre is saoil níos fearr uait? Tá do chuid eolais agus taithí ag teastáil anois níos mó ná riamh.

GRETB Electrical Instructor Recruitment

Caithfidh Éirinn cur go mór agus gan mhoill lena fórsa oibre tógála chun freastal ar spriocanna criticiúla tithíochta agus aeráide. Le spriocanna riachtanacha agus uaillmhianacha chun ár stoc tithíochta a mhéadú, tá géarghá le húsáid níos fearr a bhaint as foirgnimh, athnuachan tógála agus athchóirithe, chomh maith le teicnící tógála nuálacha chun an plean seo a a chur i gcrích.

Chun seo a bhaint amach, caithfimid cur go mór leis an líon ceardaithe oilte sa bhfórsa oibre. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) ag lorg leictreoirí cáilithe chun céim 2 den oiliúint leictreach a chur ar fáil inár gceardlanna nua i gCathair na Gaillimhe. Is cuid é seo den fhreagairt géarchéime chun an liosta feithimh don chéim seo den oiliúint i measc Printísigh Leictreacha a laghdú.

Ní theastaíonn oiliúint fhoirmiúil uait le bheith i do Theagascóir nó Oiliúnóir, mar go ndéanfaidh muidne meantóireacht ort agus cuirfimid gach tacaíocht ar fáil duit. An rud is gá duit a bheith agat ná 2 bhliain ar a laghad de thaithí iar-cháilíochta agus an fonn gach a bhfuil foghlamtha agat a roinnt leis an gcéad ghlúin eile. Táimid ag tairiscint conarthaí solúbtha gearra, meántréimhseacha agus fadtréimhseacha. Seo deis iontach duit do chuid scileanna mar theagascóir a thriail!

Soláthraíonn an t-athrú gairme féideartha seo cothromaíocht idir an saol oibre agus an saol pearsanta. Beidh tú mar bhall d’fhoireann agus gheobhaidh tú gach tacaíocht is gá, lena n-áirítear seisiúin oiliúna, tacaíocht riaracháin, agus gach acmhainn eile a bheadh ag teastáil le go mbeadh rath ort sa ról.

"Ba mhór an díol sásaimh agus tairbhe dom gur cháiligh mé mar theagascóir. Tugann mo ról nua deis dom mo thaithí agus mo shaineolas ar an tionscal a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile ábhar leictreora. Thug an tacaíocht agus an spreagadh iontach a fuair mé ó fhoireann GRETB an mhuinín dom dul i dtaithí go rathúil ar mo ról nua. Bíodh is gur ball foirne teagaisc mé i dtionscal atá ag síorathrú, cuireann sé go mór leis an taithí foghlama. Anuas air sin, le hoiliúnt leanúnach ó GRETB agus le huirlisí teagaisc den scoth agus chineál is úire, is mór mar a dhéanann siad mo ról níos taitneamhaí.” Ray Molloy – Teagascóir Ábhar Leictreora GRETB

Bí linn in GRETB, áit a gcuirfear borradh faoi do ghairm le go mbeidh todhchaí níos gile ag cách.

Déan iarratas chuig: Instructor – Phase 2 Electrical Apprenticeship.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig: [email protected].