Moil Cheoil i mBéal Átha na Sluaighe agus sa gClochán

Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe le Moil Cheoil a sheoladh i mBéal Átha na Sluaighe agus sa gClochán

Ó Mheán Fómhair ar aghaidh, beidh teacht ag leanaí agus daoine óga i gContae na Gaillimhe ar dhá Mhol Ceoil nua – ceann amháin in Oirthear an Chontae agus ceann eile in Iarthar an Chontae! Cuirfear ceachtanna inacmhainne ceoil do dhaoine ó aois 6 bliana agus níos sine ar fáil sna moil cheoil, a bheidh suite i mBéal Átha na Sluaighe agus an Clochán, agus cuirfidh Oideachasóirí Ceoltóirí cumasacha agus ardoilte Music Generation Chontae na Gaillimhe iad ar fáil.

Spás cruthaitheach a bheidh sna Moil Cheoil, áit ar féidir le daoine óga teacht chun ceol a sheinm le chéile agus a dtallann cheoil a fhorbairt! Beidh réimse fairsing gníomhaíochtaí ceoil ar fáil. I measc na roghanna teagaisc do ghléasanna ceoil atá ar fáil, tá foireann drumaí, an giotár, an veidhlín, an dordveidhil agus an fheadóg mhór chomh maith le ceol a sheinm in ensemble níos mó - Drumadóireacht Samba, Ensemble Gutha Réalta agus Ceolfhoireann Ucailéile. Cosnaíonn seisiúin €8 sa tseachtain le haghaidh teagasc uirlise i ngrúpa beag agus €5 sa tseachtain do na gníomhaíochtaí ensemble níos mó.

Baineann tairbhí ollmhóra le ceol a fhoghlaim agus a sheinm. Chomh maith leis an spraoi a bhíonn ag daoine óga nuair a bhíonn ceol á sheinm acu lena bpiaraí, cuireann sé feabhas ar an bhfolláine trí chéile, forbraíonn sé féinmheas, agus cothaíonn páirt a ghlacadh i ngrúpaí ceoil cairdeas agus braistint chómhuintearais.

Níl gléas ceoil agat? Fadhb ar bith! Tá stoc mór gléasanna ceoil ar fáil ag Music Generation Chontae na Gaillimhe agus is féidir leat gléas ceoil a fháil ar cíos ar rátaí an-réasúnta. Is é an cuspóir atá ag Music Generation Chontae na Gaillimhe ná chun soláthar seanma ceoil a fhorbairt ar fud an chontae agus chun an pháirt a ghlacann daoine áitiúla agus an pobal ina chláir a mhéadú. Oibríonn an eagraíocht i ndlúthchomhar le go leor comhpháirtithe, Comhairle Contae na Gaillimhe san áireamh, chun deiseanna nua a chruthú do leanaí agus daoine óga chun páirt a ghlacadh sa cheol ar bhealaí spreagúla.

Is féidir leat clárú do na moil anois! Chun clárú, déan teagmháil le Music Generation Chontae na Gaillimhe: [email protected] / 091 874557. Tá áiteanna teoranta.

Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe mar chuid de Music Generation, clár oideachais ceoil náisiúnta na hÉireann, ar chuir Music Network tús leis agus a chistíonn U2, The Ireland Funds, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil áitiúla. Tacaíonn Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Comhairle Contae na Gaillimhe agus go leor comhpháirtithe eile áitiúla - Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Foróige, Youth Work Ireland Galway, FORUM Connemara, Tusla, Involve, agus Ealaín na Gaeltachta le Music Generation Chontae na Gaillimhe san áireamh le Music Generation Chontae na Gaillimhe.