Taighde Néaraidibhéirseach

Baineann néaraidibhéirseacht lena éagsúla is atá inchinn agus aigne an duine in ann a bheith. Áirítear leis iad siúd atá néaraitipiciúil mar aon leo siúd atá néaraidibhéirseach, agus tagraíonn néaraidibhéirseacht don uathachas, do neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde (ADHD), etc.

Tá sé tugtha faoi deara ag GRETB go bhfuil gá le soláthar breise níos cuimsithí agus níos measta/spriocdhírithe a dhéanamh don obair óige le freastal a dhéanamh ar dhaoine óga atá néaraidibhéirseach agus ar a dteaghlaigh.

Ba mhaith linn foghlaim ó bhur gcuid eolais, bhur smaointe agus bhur dtaithí.

  • An duine óg néaraidibhéirseach tú?
  • An siblín duine óg néaraidibhéirseach tú?
  • An tuismitheoir/caomhnóir duine óg néaraidibhéirseach tú?

Cliceáil anseo: https://www.surveymonkey.com/r/BXRRK83

  • An bhfuil tú i bhfeighil ar ghrúpa óige nó ar chlub óige?
  • An bhfuil tú ag obair i scoil, scoil speisialta, rang speisialta, rang ASD
  • An bhfuil tú ag obair le daoine óga néaraidibhéirseacha?

Cliceáil anseo: https://www.surveymonkey.com/r/WB77H55