Dualgas na hEarnála Poiblí GRETB

Dualgas na hEarnála Poiblí GRETB

Cad é?

In Éirinn, is ann do dhlí dar teideal ‘Alt 42 den Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas’, a chiallaíonn, chomh fada is a bhaineann le comhlachtaí poiblí, ar nós GRETB, nuair atá seirbhísí á gcur i bhfeidhm nó á gcur ar fáil acu, go gcaithfidh siad a mheas an gá atá ann deireadh a chur le leithcheal, comhionannas a chur chun cinn, agus cearta an duine, idir fhoireann agus fhoghlaimeoirí, a chosaint.

Mar chuid den Dualgas na hEarnála Poiblí seo, caithfidh GRETB:

  • Na ceisteanna a bhaineann le caitheamh le daoine go comhionann, agus meas a léiriú dá gcearta, a chur i scríbhinn.
  • Pleanáil d’oibriú ar na ceisteanna seo.
  • An t-eolas is déanaí faoi dhul chun cinn an phlean a roinnt go bliantúil.

Cad atá déanta ag GRETB go dtí seo?

Tá Dualgas na hEarnála Poiblí, agus a chur i bhfeidhm in GRETB, bunaithe ar ‘luachanna’ agus ‘creidiúintí’ GRETB. Treoraíonn na luachanna sin muid oibriú i dtreo comhionannais agus chearta an duine. Tá gach luach mínithe go soiléir, le fócas ar an rud is tábhachtaí agus ar ár gcuspóir. Trí na luachanna sin a lua, is mian linn a bheith soiléir agus seasmhach faoin gcaoi a leanaimid iad in GRETB. Tugann an ráiteas seo plean dúinn gníomhú ar na luachanna seo agus muid ag comhlíonadh ár gcuid dualgas. Chomh maith leis sin, tá measúnú curtha i gcrích ag GRETB ar cheisteanna comhionannais agus chearta an duine atá ábhartha do sheirbhísí GRETB, agus tá seo deimhnithe ag grúpaí Pobail agus deonacha a d’fhulaing eisiamh i nGaillimh agus i Ros Comáin.

Próiseas GRETB 

  • Meán Fómhair 2019 – D’fhorbair agus sheol Grúpa um Ionchuimsiú Sóisialta Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ/LCDC) Chathair na Gaillimhe Ráiteas Comhionannais agus Chearta an Duine agus chuir gach ball den CFPÁ a n-ainm leis an ráiteas seo.
  • Deireadh Fómhair 2019 – Chuir Roinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) GRETB tús, ar bhonn píolótach, le forbairt Ráiteas Comhionannais agus Chearta an Duine i gcomhair FET.
  • Márta 2020 – Bhunaigh GRETB grúpa oibre chun ráiteas a fhorbairt, ceisteanna a mheas, agus plean gníomhaíochta a scríobh.
  • Meitheamh 2020 – Aontaíodh Luachanna agus Ráiteas.
  • Meán Fómhair 2020 – Tháinig deireadh le measúnacht ar cheisteanna Comhionannais agus Chearta an Duine a bhí ábhartha dár ról.
  • Eanáir 2021 – Deimhniú ar Cheisteanna Chearta an Duine agus Comhionannais críochnaithe.
  • Eanáir 2021 – Comhaontaíodh Plean Gníomhaíochta 2021-2022.
  • Eanáir 2022 – Tuairisc ar chur i bhfeidhm sa Tuarascáil Bhliantúil & cur i láthair Ionduchtúcháin.
  • Fós ag dul ar aghaidh – Cruinnithe den Ghrúpa Oibre
  • Fós ag dul ar aghaidh – Oiliúint trasna raon ceisteanna atá ábhartha don Dualgas.
  • Measúnú déanta ar Ráiteas Straitéise GRETB 2022 - 2026
  • Plean Gníomhaíochta 2023 - 2024 – Acmhainní Béarla Soiléir forbartha.

Cad iad ár gcreidiúintí agus ár luachanna? Cad é a dhéanaimid chun go mbeidh siad mar chuid de shaol laethúil ár bhfoghlaimeoirí agus ár bhfoireann in GRETB?

Tá na creidiúintí ar fad liostaithe thíos agus tá ‘Ráiteas Tosaíochta’ ag gach ceann díobh, trína ndeirimid cad é is tábhachtaí do GRETB. Tá sé mar a bheadh muid ag cur in iúl do chách cad air a bhfuil muid ag díriú ár bhfócas go príomha. Anuas air sin, tá ‘Ráiteas Próisis’ ag na creidiúintí nó na luachanna seo ar fad. Miníonn sé sin conas mar a théimid i mbun rudaí, nó na céimeanna a ghlacfaimid chun rudaí a fháil déanta.

Ár Luachanna

Dínit

Dínit is ea caitheamh go maith le daoine. Ciallaíonn sé a bheith cineálta, meas a léiriú ar éagsúlacht, agus a chinntiú go gcosnaítear cearta an duine, a bpríobháideachas san áireamh. Cuid thábhachtach de dhínit is ea caitheamh go cothrom le gach duine, gan bhreithiúnas.

Ráiteas Tosaíochta: Iarrann GRETB go mbeadh gach scoil/ionad cairdiúil agus fáiltiúil le gach duine. Is mian linn an éagsúlacht daoine inár seomraí ranga agus inár n-oifigí a thaispeáint agus a cheiliúradh, chomh maith leis an gcaoi a dhéanaimid rudaí.

Ráiteas Próisis: Caithfidh GRETB le gach mac léinn agus gach ball foirne go cothrom agus le meas, sin le go dtuigfimid na difríochtaí eatarthu.

Neamhspleáchas

Neamhspleáchas is ea a bheith neamhspleách agus do chuid roghanna féin a dhéanamh. Baineann sé le do chuid teorainneacha féin a leagann síos, do spás pearsanta a bheith agat, agus saoirse a bheith agat chun do chuid cinntí féin a dhéanamh. Chomh maith leis sin, ciallaíonn neamhspleáchas a bheith oscailte d’athrú, tacú leis an gcumas cinntí a dhéanamh, agus a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta. Tá sé mar a bheadh cur chuige “ón mbun aníos” ag tarlú, mar a mbíonn an fócas ar riachtanais agus roghanna an duine aonair.

Ráiteas Tosaíochta:Is mian le GRETB an oiread roghanna agus deiseanna agus is féidir a thabhairt do mhic léinn agus do bhaill foirne.

Ráiteas Próisis: Cabhróidh GRETB le mic léinn agus leis an bhfoireann ó ghrúpaí difriúla a gcuid cuspóirí a chur in iúl, rudaí nua a thriail, agus cinntí eolacha a dhéanamh.

Rannpháirtíocht

Rannpháirtíocht is ea a bheith páirteach i ndéanamh cinntí agus daoine a choinneáil cuntasach. Baineann sé le ceart a bheith agat labhairt amach, éisteacht a fháil, agus údair imní a ardú. Cuimsíonn sé labhairt go hoscailte chun smaointe comhroinnte a chruthú, ag ceadú do dhifríochtaí, agus ag teacht ar réitigh le chéile.

Ráiteas Tosaíochta: Is mian le GRETB a chinntiú go mbíonn deis labhartha ag mic léinn agus ag baill foirne ó ghrúpaí éagsúla i ndéanamh cinntí. Cuirfimid bealaí ar fáil dóibh le go mbeidh siad rannpháirteach i bplé agus iad in ann a gcuid smaointe a roinnt go hoscailte.

Ráiteas Próisis: Socróidh GRETB go mbeidh mic léinn agus baill foirne ó ghrúpaí difriúla páirteach i gcinntí a mbíonn tionchar acu ar a gcuid foghlama nó oibre. Is mian linn go mbeadh ionchur fiúntach ag gach duine agus go mbeadh meas air.

Ionchuimsiú

Ionchuimsiú is ea a chinntiú go mbíonn an ceart ag gach duine, go háirithe iad siúd a mbíonn orthu déileáil le dúshláin, a bheith rannpháirteach, agus go mbeadh rath orthu mar fhoghlaimeoirí, mar fhoireann nó mar thairbhithe, trí dheiseanna a fháil oibriú linn.

Ráiteas Tosaíochta: Teastaíonn ó GRETB a chinntiú gur féidir le mic léinn agus le baill foirne ó ghrúpaí difriúla páirt a ghlacadh i ndeiseanna foghlama agus gairme.

Ráiteas Próisis: Cruthóidh GRETB deiseanna do mhic léinn agus d’fhoireann ó chúlraí difriúla. Úsáidfimid bealaí solúbtha chun a chinntiú go mbíonn a fhios againn faoi shainriachtanais foirne agus foghlaimeoirí agus go sásaíonn muid na sainriachtanais sin.

Ceartas Sóisialta

Ceartas Sóisialta is ea a chinntiú go mbíonn rudaí cóir agus soiléir nuair a thagann sé go roinnt acmhainní, amhail oideachas, cultúr, agus airgead. Ciallaíonn sé sainbhearta a chur i gcrích chun cuidiú leo siúd a gcaitear go míchothrom leo.

Ráiteas Tosaíochta: Is mian le GRETB go mbeadh mic léinn agus foireann san eagraíocht ó ghrúpaí difriúla, agus is mian linn cabhrú leo chun torthaí maithe a bhaint amach agus a bheith sásta lena n-eispéireas.

Ráiteas Próisis: Oibreoidh GRETB ar bhealach atá cóir agus soiléir le go mbeidh raon éagsúlachta foghlaimeoirí agus foirne againn. Anuas air sin, oibreoimid chun áiteanna tacúla d’fhoghlaim agus d’obair a chruthú.

Ceartas Comhshaoil/Timpeallachta

Ceartas Comhshaoil/Timpeallachta is ea a chinntiú go mbíonn an ceart ag gach duine ar chomhshaol glan agus sábháilte, anois agus sa todhchaí. Ciallaíonn sé beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus a thorthaí, go háirithe mar a bhaineann le grúpaí a mbeadh orthu déileáil le breis dúshlán.

Ráiteas Tosaíochta: Teastaíonn ó GRETB:

  • Go mbeadh daoine feasach ar chúram comhshaoil/timpeallachta.
  • Cabhrú le mic léinn agus leis an bhfoireann foghlaim faoi conas dúshláin comhshaoil a láimhseáil.
  • A chinntiú, faoi 2040, nach ndéanann ár bhfoirgneamh agus ár spásanna aon dochar don chomhshaol/timpeallacht.

Ráiteas Próisis: Múinfidh GRETB do mhic léinn agus d’fhoireann faoi a bheith neamhdhíobhálach don chomhshaol/timpeallacht agus iad a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chabhraíonn leis an gcomhshaol.

Gníomhaíochtaí samplacha curtha i gcrích go dáta:

  1. An t-eolas is déanaí faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí curtha ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil GRETB.
  2. Tá cur i láthair faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí mar chuid den ionduchtúchán foirne in GRETB.
  3. Sraith ceardlann foirne faoi Chomhionannas agus Chearta an Duine.
  4. Athbhreithníodh Ráiteas Straitéise GRETB 2022- 2026 in aghaidh a Ráiteas Dhualgas na hEarnála Poiblí
  5. SharePoint Dhualgas na hEarnála Poiblí i bhfeidhm.
  6. Iniúchadh ar Inrochtaineacht Shuíomh Gréasáin GRETB agus Oiliúint i mBéarla Soiléir don Fhoireann.
GRETB Public Sector Duty

Ráiteas maidir le Dhualgas an hEarnála Poiblí 2024

Íoslódáil PDF