Ceiliúradh ar na hEalaíona GRETB 2025

Bhur gcéad fáilte chuig BOOGRC Ceilúradh na nEalíon. Seo an dara bliain againn an ócáid seo a chur i láthair agus táimid ag súil go mbeidh sí ag dul ó neart go neart go háirithe tar éis 300 iontráil a fháil anuraidh.

Is mian le GRETB deis a thabhairt do mhic léinn a bhfuil scileanna éagsúla acu i mórán disciplín ealaíonta bheith in ann a gcuid saothar a chur i láthair, a léiriú agus a thaispeáint don domhan. Mar gur iarracht aonair go minic í an obair ealaíonta, ní minic a bhíonn deis obair agus tallanna den chineál seo a roinnt agus a chur i láthair lucht féachana chomh leathan seo.

Anuas air sin, creideann GRETB go láidir i spiorad an Achta Oideachais, a aithníonn gurb é forbairt an linbh ina iomláine an rud is tábhachtaí ar fad agus gur cuid thábhachtach den fhorbairt sin is ea cruthaitheacht.

Léigh na rannáin thíos – Freagróidh do scoil gach ceist agus ceist. 

Tá sé ríthábhachtach go léifeá sonraí gach catagóire liostáilte thíos sula líonann tú d’fhoirm iarratais. Le do thoil, cinntigh má uaslódálann tú do shaothar ar an bhfoirm iarratais go n-uaslódálann sé mar is ceart, sula gcuireann tú ar aghaidh é.

Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta/dat dúnta, mar atá ar an bhfoirm iarratais.

Déanfar gearrliostú i ngach catagóir nach mór. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh do chuid uaslódálacha ar an gcaighdeán is airde. Tharlódh go mb’fhéidir go n-iarrfaí ar roinnt daoine a gcuid saothar a léiriú ar lá bronnta na ngradam, nó d’fhéadfaí iarraidh ar chuid eile tabhairt faoi iomaíocht bheo in ionad éigin roimh nó ar lá bronnta na ngradam.

  • Beidh moltóirí neamhspleácha i mbun gach catagóire. Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí in uile ghné agus in uile chatagóir.
  • Ní rachaidh moltóirí ná lucht eagraithe i mbun comhfhreagrais/plé le hiarrthóir ar bith.
  • Ní ghlacfar le hiontráil ar bith nach gcomhlíonann na rialacha agus na sonraíochtaí in aon chatagóir.

Ceiliúradh ar na hEalaíona GRETB 2025