Ráiteas Straitéise 2022-2026
Tá a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2022-2026 seolta ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Leagtar amach ann misean an Bhoird Oideachais agus Oiliúna as seo go ceann cúig bliana, is é sin ‘seirbhísí oideachais, oiliúna agus óige a sholáthar agus a fhorbairt, agus tacú leo, le go ndéanfar daoine a chumhachtú a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cion tairbhe a dhéanamh don tsochaí.’
Tá an Straitéis seo á treorú ag fís an Bhoird Oideachais agus Oiliúna a bheith ‘inár gceannródaí maidir le cláir oideachais agus oiliúna a sholáthar do phobal na Gaillimhe agus Ros Comáin atá ar ardchaighdeán, nuálaíoch, uilechuimsitheach agus freagrúil.’ I measc na bpríomhthosaíochtaí a bheidh againn, áirítear ár soláthar oideachais agus oiliúna a fheabhsú mar aon le forbairt clár nuálaíoch agus freagrúil chun riachtanais nua fostaíochta a chomhlíonadh. Tá líon spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha aitheanta faoi cheithre chrann taca: Daoine, Cláir, Próisis agus Acmhainneacht.
Tá GRETB ar cheann de na soláthróirí oideachais is mó sa réigiún, agus rinne sé freastal ar níos mó ná 21,000 dalta agus foghlaimeoir in 2021. Feidhmíonn an GRETB mar phátrún ar 19 Coláiste Pobail agus 2 Scoil Náisiúnta Phobail (CNS) agus is comhiontaobhaí é de 8 Scoil Phobail agus Chuimsitheach. Cuirtear cláir agus seirbhísí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ar fáil in 39 ionad FET ar fud na Gaillimhe agus Ros Comáin. Déanann sé bainistíocht ar Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Cheapach na gCapall, ar 3 sheirbhís de chuid Music Generation i gContae na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe agus i gContae Ros Comáin agus tacaíonn sé le soláthar, comhordú, riaradh agus measúnú sheirbhísí obair óige ar fud an réigiúin.
Seo mar a labhair an Comhairleoir Michael Maher ag seoladh na Straitéise nua: “Tá an-áthas orm mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin Ráiteas Straitéise nua an Bhoird Oideachais agus Oiliúna a chur in bhur láthair. Beidh deiseanna iontacha ann as seo go ceann cúig bliana maidir le forbairt an oideachais agus na hoiliúna i nGaillimh agus Ros Comáin. Tabharfaidh cur chun feidhme an Ráitis Straitése bonn faisnéise d’obair an Bhoird Oideachais agus Oiliúna, agus déanfaidh Bord Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin monatóireacht ar an obair sin. Tá an-athrú ag teacht ar an saol, agus is iomaí deis a bheidh ann. Tá mé ag súil go mbeidh ról lárnach ag GRETB agus é ag féachaint le hoideachas, oiliúint, nuálaíocht agus cruthaitheacht a fhorbairt agus a chur chun cinn inár réigiún.”
An fhís atá ag GRETB ‘daoine a chumhachtú don saol’ agus, dar leis an bPríomhfheidhmeannach, David Leahy, tabharfaidh an fhís sin, in éineacht lena misean, luachanna, spriocanna agus cuspóirí, bonn faisnéise do phleananna seirbhíse agus pleananna gníomhaíochta i scoileanna, oifigí agus ionaid breisoideachais agus oiliúna GRETB as seo go ceann cúig bliana: “Agus muid ar cheann de na soláthróirí oideachais is mó i nGaillimh agus Ros Comáin, tá sé curtha romhainn as seo go ceann cúig bliana cur lenár soláthar oideachais agus oiliúna agus é a chur chun cinn, agus cláir nuálaíocha agus freagúla a thairiscint dár ndaltaí agus dár bhfoghlaimeoirí, mar aon le timpeallachtaí oibre ar ardchaighdeán dár mbaill foirne. Táimid ag tnúth leis na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis uaillmhianach seo a bhaint amach, agus le bheith ag obair lenár ngeallsealbhóirí agus leis na pobail sin i nGaillimh agus Ros Comáin a bhfuilimid ag déanamh freastal orthu.”
Tá níos mó ná 2,000 ball foirne fostaithe ag GRETB, agus buiséad bliantúil isteach is amach le €121 milliún á riaradh aige. Is é GRETB an dara Bord Oideachais agus Oiliúna is mó sa tír ó thaobh achair de, agus áirítear leis ceithre oileán amach ón gcósta. Is i gContae na Gaillimhe atá an limistéar Gaeltachta is mó, agus is mó daonra, sa tír agus gné lárnach de bhunseirbhís an GRETB is ea an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá an Ráiteas Straitéise ar fáil anseo.