Tá feidhm riaracháin, mhaoirseachta agus rialachais ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin i leith 22 Seirbhís Obair Óige atá maoinithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (UBU – Your Place, Your Space Scheme) agus breis is 120 Club Óige Deonach tríd an Scéim Deontas Club Óige Áitiúil.

I measc feidhmeanna eile, tugann Alt 10 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 ról dúinn maidir le soláthar, comhordú, riarachán agus measúnú seirbhísí obair óige inár limistéar feidhme, mar aon le faisnéis a chur ar fáil maidir le soláthar tacaíochtaí den chineál sin, de réir mar a iarrann an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige

Tá áthas orainn an Plean Obair Óige 2021-2024a chur i láthair ina gcuirtear in iúl ár bhfís, ár luachanna agus ár bpleananna do sholáthar obair óige i réigiún na Gaillimhe agus Ros Comáin.

Oifigigh Óige

Trí obair ár gcuid Oifigeach Óige agus trí sholáthar acmhainní d’Eagraíochtaí Obair Óige sa réigiún, cuirimid creatlach comhordaithe ar fáil a thacaíonn le forbairt raon leathan tionscnamh do dhaoine óga trasna Chontaetha na Gaillimhe agus Ros Comáin.

Coiste d’Obair Óige

De réir Alt 44 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013, bhunaíomar Coiste d’Obair Óige chun ár bhfeidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.

Is iad téarmaí tagartha ár gCoiste d’Obair Óige ná moltaí a chur faoi bhráid ár mBoird maidir lenár bhfeidhmíocht faoi De réir Alt 44 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 bhunaíomar Coiste d’Obair Óige chun ár bhfeidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.

Iarratais ar Mhaoiniú d’Obair Óige

Déanaimid maoirseacht ar iarratais ó Sheirbhísí Obair Óige agus ó Chlubanna Óige Deonacha faoi scéimeanna maoinithe na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige. Foilseofar iad seo ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta chomh luath is a thosaítear ag glacadh le hiarratais.

Idir an dá linn, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár Roinn Seirbhísí Óige ar (091) 706 294 nó trí ríomhphost chugainn ag [email protected]

Féadfaidh tú scríobh chugainn freisin ag an Roinn Seirbhísí Óige, Ionad Oiliúna Mervue, Páirc Ghnó Mervue, Gaillimh, H91 DTH9