Dheontais Áitiúla Óige Ildánach GRETB
Tá maoiniú deontais ar fáil in 2025 le haghaidh Óige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin, arna riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tacaíonn an scéim le forbairt cruthaitheachta leanaí agus óige i nGaillimh agus i Ros Comáin.
Méid an Deontais: Uasmhéid an Deontais atá ar fáil €2000
Athbhreithnítear iarratais ar bhonn coicíse, bronntar maoiniú bunaithe ar incháilitheacht agus faoi réir an mhaoinithe atá ar fáil.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar Dheontais Áitiúla Óige Ildánach anois le haghaidh Cheantar na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Má bhíonn tú ag cabhrú le daoine óga idir 0 agus 18 mbliana d'aois leis an gcruthaitheacht nó má bhíonn tú ag obair le grúpa daoine óga ar mian leo smaoineamh cruthaitheach a fhorbairt i nGaillimh agus i Ros Comáin, smaoinigh ar iarratas a dhéanamh ar Dheontas Áitiúil Óige Ildánach.
Tá deontais ar fáil chun cabhrú le grúpaí óige agus eagraíochtaí ealaíon chun costais ghníomhaíochta lasmuigh den scoil a mhaoiniú, mar shampla táillí ealaíontóirí, ábhar, éascaitheoirí chun cruthaitheacht leanaí agus daoine óga a fhorbairt trí aon fhoirm ealaíne.
Mar sin, is cuma cé acu atá i gceist: damhsa, amharclannaíocht, teicneolaíochtaí cruthaitheacha, eolaíocht chruthaitheach, innealtóireacht, matamaitic chruthaitheach, ceol, na hamharcealaíona, an comhshaol, tionscadail chultúir nó fiú tionscadail atá bunaithe ar shúgradh a bhfuil daoine óga ag teacht aníos le smaointe ar mhaith leo triail a bhaint astu, tá an deis agat anois iarratas a dhéanamh agus beocht a chur i do thionscadal!
Déan iarratas anois!
Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB) has grant funding available in 2024 under a Creative Youth Grant Scheme.
Tá maoiniú deontais ar fáil in 2024 faoi Scéim Deontais le haghaidh Óige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin.
