Cad is bun le Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach GRETB ?
Is forbairt nua spreagúil don réigiún í an Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach GRETB (CÁÓI GRETB), agus is é a haidhm deiseanna nua a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga chun a gcuid cruthaitheachta a fhorbairt. Tugtar deis freisin príomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun tacú le tionscnaimh atá faoi stiúir an aosa óig. Tugann CÁÓI an deis ildánacht a leabú i saol daoine óga i gcomhthéacsanna lasmuigh den scoil, lena n-áirítear oideachas sna luathbhlianta agus obair don aos óg. Is ceantar an-chultúrtha é réigiún Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ina bhfuil cathair, daonra ollmhór tuaithe, an ceantar Gaeltachta is mó laistigh d’aon Bhord Oideachais agus Oiliúna agus roinnt oileán amach ón gcósta.
Is é an fhís atá ag CÁÓI GRETB i nGaillimh & Ros Comáin 'cur ar chumas leanaí agus daoine óga a gcuid cruthaitheachta a léiriú agus iad féin a chur in iúl go cruthaitheach'. Tá na spriocanna agus na cuspóirí straitéiseacha a leagtar amach sa phlean seo uaillmhianach agus táimid muiníneach go mbainfidh siad an fhís sin amach.
Thar aon rud eile, cinnteoidh an Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach GRETB (CÁÓI) go mbeidh na daoine óga ag croílár forbairt agus cur i bhfeidhm deiseanna le go mbeidh siad bainteach le gníomhaíochtaí a bhfuil an chruthaitheacht mar bhunús leo. Is é cuspóir CÁÓI GRETB ná gníomhaíochtaí cruthaitheacha seach-churaclaim a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga, atá comhlántach don timpeallacht fhoirmiúil scoile ar bhealach neamh-phríomhshrutha.
Is é bunús an tionscadail CÁÓI GRETB ná go mbíonn gach gníomhaíocht, ceardlann, clár agus imeachtaí pleanáilte, deartha, agus faoi cheannas daoine óga. Beidh seo cuidiúil do thacaíocht agus do chothú cruthaitheacht óige, taithí chruthaitheach, scileanna cruthaitheacha, agus ceannaireacht chruthaitheach ag leibhéal áitiúil. Is cuid d’Óige Ildánach í CÁÓI GRETB tionscadal de chuid an Chláir Éire Ildánach, arb é a phríomhaidhm áisitheoireacht a dhéanamh d’fhás acmhainn chruthaitheach gach uile leanbh agus duine óg.
Cuireann CÁÓI GRETB croíluachanna áirithe chun cinn ina cuid oibre ar fad. Ina measc seo, tá ionchuimsitheacht, glacadh le héagsúlacht agus comhionannas, chomh maith le cumarsáid a chothú le leanaí agus daoine óga a mbíonn sé deacair teacht orthu.
Féachann CÁÓI GRETB le hoibriú i ndlúthchomhpháirtíocht le soláthraithe áitiúla seirbhísí óige, agus leanfaidh siad modheolaíocht ina mbeidh an leanbh agus an duine óg i gceannas ar dhearadh, ar sheachadadh agus ar mheastóireacht a cuid clár.
Feidhmeoidh CÁÓI GRETB de réir fheidhmeanna bainistíochta, maoirseachta agus comhlíonta GRETB. Tá an CÁÓI GRETB á bainistiú ag Comhordaitheoir d’Óige Chruthaitheach lánaimseartha. Tá maoiniú á chur ar fáil trí Cholún 1 Óige Chruthaitheach den Chlár Óige Ildánach, arb é a aidhm éiceachóras foghlama a chothú, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ina mbeidh eolas agus cruthaitheacht ina bpáirtnéirí comhionann i bhfoirmiú daoine óga. Gheobhaidh CÁÓI maoiniú ar bhonn bliantúil ón Roinn Oideachais faoin gclár Éire Ildánach. Nuair is ann do mhaoiniú, gheobhaidh GRETB maoiniú chomh maith díreach ó Éire Ildánach (Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán).
Guth na nOg
Beidh GRETB CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin dírithe ar fhreagairt do riachtanais daoine óga agus leanaí, mar a chuireann siadsan in iúl iad, trí chumarsáid agus taighde de réir Mhol na nÓg – aonad rannpháirtíochta óige na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.