Scoil an Cheoil GRETB
Ionad Ceoil GCC i gColáiste Pobail na Gaillimhe
Tá Scoil Cheoil GRETB soláthraíonn sé teagasc pearsanta duine le duine i raon éagsúil uirlisí ceoil. Féachann sé le freastal ar dhaltaí idir óg agus aosta, agus ar gach leibhéal scile.
Tá teagasc ar fáil faoi láthair i bPianó, Méarchlár, Giotár, Fidil, Veidhlín, Clairinéad, Sacsafón, Dordveidhil, Óbó, Basún, Fliúit, Teoiric an Cheoil agus Guth. Reáchtáiltear ceachtanna i gColáiste Pobail na Gaillimhe ar thráthnóna Dé Máirt agus Dé Céadaoin ón 4pm – 7pm agus ar an Satharn ón 9am – 5pm thar bhliain dhá théarma:
- Téarma an Fhómhar, 10 seachtain: 23 Meán Fómhair – 7 Nollaig (2024)
- Téarma an Earraigh, 16 seachtain: 27 Eanáir – 31 Bealtaine (2025)
Buail isteach agus bain triail as chun do bhuanna ceoil a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil agus spreagúil!
Teagmháil: [email protected]
Teagascóirí Scoil an Cheoil
Annemarie Duggan
Pianó / Clairinéad / Méarchlár / Sacsafón / Teoiric an Cheoil
Annemarie Duggan, BA (Mus), H.Dip in Ed (Hons), ALCM, LLCM(td), is an
Oideoir ceoil tréitheach is ea Annemarie Duggan, BA (Mus), H.Dip in Ed (Hons), ALCM, LLCM(td), a rinne staidéar i gCathair Derby agus i DIT. Tá cúlra an-láidir aici i dtaibhléiriú agus i gceol den chéad scoth agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Ceolfhoireann Ceolchoirme na Gaillimhe agus ina iarrthóir chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn i gCeolfhoireann Óg na hEorpa. Tar éis ceachtanna ceoil a dhéanamh le Annemarie, tá a cuid daltaí tar éis dul ar an stáitse le bannaí ceoil idirnáisiúnta agus le ceolfhoirne mór le rá. Baineann a daltaí gradaim amach go rialta i scrúduithe ABRSM agus scóir an-mhaith, suas le 140, i scrúdaithe pianó. Tá scil faoi leith ag Annemarie daltaí a ullmhú do scrúduithe ceoil an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta, scrúduithe iontrála ollscoile, chomh maith le scrúduithe ABRSM agus RIAM sa Chlairinéad, Sacsafón agus Pianó.
Joanne Cater
Fliúit / Clairinéad / Sacsafón/ Óbó / Basun / Teoiric an Cheoil
Bhain Joanne Cater céim onóracha amach sa Colchester Institute of Music agus is ó Duke Dobing, a bhfuil an-mheas air, a fuair sí a hoiliúint. Chaith sí an tréimhse ó 1996 go 2000 ina teagascóir le gaothuirlisí adhmaid in ionad éagsúla in Warwickshire. Is í an stiúrthóir faoi láthair í ar Cheolfhoireann Ollscoil na Gaillimhe agus Ceolfhoirne Óg na Gaillimhe agus tá an-mheas uirthi as a ndéanann sí chun ceoltóirí óga a chothú. Tá breis agus 15 bliain caite ag Joanne mar ionadaí oinigh áitiúil do ABRSM, tá saineolas as an ngnách aici ar dhaltaí a ullmhú do scrúduithe, agus bíonn sí ag teagasc ag gach leibhéal gráid, ó na réamhleibhéil chomh fada le dioplóma do scrúduithe ABRSM, Trinity agus RIAM. Is ceoltóir ildánach Joanne agus casann sí go leor uirlisí. Baineann sí taitneamh as gaothuirlisí adhmaid éagsúla a chasadh i léirithe ceoil réigiúnacha agus is ar an sacsafón baratóin a bhíonn sí leis an Black Magic Big Band. I Scoil Cheoil GRETB, is iad na huirlisí a bíonn sí ag teagasc iontu an fliúit, an clairinéad, an sacsafón, an óbó, an basun agus teoiric an cheoil.
Peter Tobin
Pianó / Giotár
Rinne Peter Tobin staidéar ar an bpianó le Patricia Lillis, FLCM agus bhain sé amach a dhioplóma ALCM (Pianó) in 1996. Rinne sé staidéar ar an ngiotár ina dhiaidh sin leis an Registry of Guitar Tutors agus is teagascóir giotáir cláraithe é leis an London College of Music. Tá breis agus 25 bliain de thaithí teagaisc ag Peter i nGaillimh agus tá sé in ann ullmúchán sainiúil a thairiscint do Scrúduithe Pianó LCM, Scrúduithe Pianó RIAM, Scrúduithe Giotáir Leictrigh RGT chomh maith leis na tástálacha Taibhithe Praiticiúla don Cheol sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht. Anuas air sin, is féidir leis teagasc pearsantaithe a chur ar fáil do dhaltaí bunaithe ar a roghanna ceoil féin.
Jantien Vanderberg
Pianó / Veidhlín / Dordveidhil / Fliúit / Sacsafón / Clairinéad
Oideoir ceoil a bhfuil taithí na mblianta aici is ea Jantien Vanderberg. Rinne sí staidéar san Ardscoil Cheoil Amsterdam agus tá sí i mbun ceol a theagasc le breis agus tríocha bliain anois. Tá Jantien ina teagascóir tiomanta i Scoil an Cheoil ó 1990 i leith agus tugann sí léi flúirse saineolais dá cuid oibre le daltaí atá ag féachaint leis an veidhlín, dordveidhil, pianó, fliúit, clairinéad nó sacsafón a fhoghlaim. Fágann an fhealsúnacht teagaisc atá aici go ndíríonn sí go hiomlán ar an dalta agus go bhféachann sí le haistear ceoil uathúil gach aon duine a chothú. Leagann sí béim ar répertoire saibhir éagsúil agus cuireann sí cóirithe san áireamh atá curtha in oiriúint do spéiseanna agus do chumas a daltaí.
Anna Falkenau
Fidil / Veidhlín
Oideoir ceoil agus taibheoir le taithí na mblianta is ea Anna Falkenau a bhfuil A-Level sa Cheol aici, B Mus agus Máistreacht sa Cheol. Tá sí i mbun ceol a theagasc le breis agus scór bliain agus déanann sí teagasc príobháideach, ranganna grúpa, teagasc sa seomra ranga, ceardlanna ag féilte agus taispeántais léachta. Fidil thraidisiúnta na hÉireann an speisialteoireacht atá aici, agus déanann sí ranganna ullmhúcháin do dhaltaí atá ag tabhairt faoi scrúduithe ceoil traidisiúnta grádaithe Comhaltais, SCTanna agus scrúduithe ceoil an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.
Lisa Convery
Pianó / Méarchlár / Guth
Oideoir ceoil tiomanta agus ildánach is ea Lisa Convery a bhfuil breis agus scór bliain de thaithí aici le daltaí de gach aois agus leibhéal cumais. Pianó, méarchlár agus guth na speisialtachtaí atá aici, ach bíonn réimse uirlisí níos neamhghnáiche á n-iniúchadh aici freisin agus í ag cur a ceachtanna in oiriúint do riachtanais agus spriocanna gach dalta. Tá cur chuige Lisa fréamhaithe go smior san oiliúint chlasaiceach a fuair sí agus tá a teastasu mar éascaitheoir ceoil pobail le Musicians Without Borders ag teacht leis sin freisin. Ní i réimse an teagaisc amháin a mbíonn sí ag plé le ceol; glacann sí páirt ghníomhach i gcóir agus bíonn sí ina stiúrthoir ceoil le Music for Galway ar bhonn deonach. Maidir lena saol lasmuigh den cheol, taithníonn sé le Lisa a bheith ag teacht i gcabhair ar mhadraí agus ag foghlaim teangacha nua.