Is éard is Ógtheagmháil ann ná ár gclár oideachais, oiliúna agus taithí oibre do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil luath. Is í ár n-aidhm rogha eile a chur ar fáil dóibh le gur féidir leo an Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó deimhniú DCCÉ [QQI] a fháil agus ag an am céanna na scileanna is gá chun dul ar aghaidh chuig Breisoideachais agus Oiliúna Breisoideachas agus Oiliúint nó chuig fostaíocht a chur chun cinn. Tá seacht n-ionad Ógtheagmhála againn trasna Chontaetha na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Ofrálann ár n-ionaid Ógtheagmhála ar fad raon leathan ábhar, as a dtagann an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, cáilíochtaí DCCÉ [QQI] Leibhéal 3 agus Leibhéal 4.
Cuirimid ar fáil chomh maith tacaíochtaí breise cosúil le treoirchomhairleoireacht; tacaíocht litearthachta agus uimhearthachta; cóitseáil agus meantóireacht; agus ullmhú d’obair.
Leagann ár gclár Ógtheagmhála béim mhór ar chur chuige iomlánaíoch maidir le hoideachas sóisialta agus acadúil, trí thú a mhisniú le d’acmhainneacht iomlán a bhaint amach agus cáilíochtaí oideachais a ghnóthú i dtimpeallacht foghlama atá fáiltiúil agus aireach.
Leagann foghlaimeoirí síos spriocanna pearsanta agus oideachasúla a mhéadaíonn a bhféinmheas, scileanna agus infhostaitheacht. Cothaímid caidreamh dearfach idir an fhoireann agus foghlaimeoirí trí chóimheas a chothú eatarthu.
Tá ár gcláir Ógtheagmhála saor in aisce. Íocaimid liúntas oiliúna seachtainiúil, liúntas béile agus liúntas taistil.
Why not take that first step and contact your Local Youthreach Centre?
Youthreach – Ballaghaderreen
Old Vocational School
Ballaghaderreen
Co. Ros Comáin
F45 TX97