Féachann ár gclár Oideachas Pobail le deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí a gcuid riachtanas foghlama féin a aithint agus tabhairt faoi fhoghlaim i suíomh neamhfhoirmiúil ina bpobal féin. De ghnáth, eagraítear ranganna Oideachas Pobail gach seachtain agus maireann siad ó shé go hocht seachtaine.
Cuirimid deontais agus maoiniú d’uaireanta teagaisc ar fáil do Ghrúpaí Pobail fud fad Chontaetha na Gaillimhe agus Ros Comáin.
Oibrímid le go leor Grúpaí Pobail, lena n-áirítear Bótháin na bhFear, Grúpaí Ban, Grúpaí Forbartha Pobail, Grúpaí Gníomhaíochta Lucht Scoir, Grúpaí Imirceach, Teifeach agus Iarrthóirí Tearmainn, Grúpaí Daoine faoi Mhíchumas, Grúpaí Taistealaithe, Grúpaí gan Dídean agus Grúpaí Lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach (LADT).
Tá raon leathan cúrsaí ar fáil inár gclár Oideachas Pobail, ina measc:
- Na hEalaíona, Ceardaíocht agus Fótagrafaíocht
- Forbairt Pobail agus Ceannaireacht
- Cócaireacht
- Scileanna Déan Féin É (DFÉ) agus Uaschúrsáil Troscáin
- Garraíodóireacht agus Gairneoireacht
- Gruaig agus Scéimh
- Sláinte agus Folláine
- Aireachas, Pilates agus Ióga
- Forbairt Phearsanta agus Scileanna Cumarsáide
Cathair na Gaillimhe agus Conamara
Gráinne O’Byrne
Ríomhphost [email protected]
Tel: 087 119 1325
Gaillimh
Sheila Holland-Fox
Ríomhphost [email protected]
Tel: 087 667 5516
Ros Comáin
Dolores McSharry
Ríomhphost [email protected]
Tel: 087 626 6398
Ciste Reach 2024
An aidhm atá ag an gCiste um Míbhuntáiste Oideachais a Mhaolú ná maoiniú a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta atá faoi mhíbhuntáiste chun tacú leo le rochtain agus rannpháirteachas in oideachas pobail. Féachann sé le rannpháirteachas foghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste a mhéadú, go háirithe iad siúd ar chláir litearthachta agus bhunscileanna. Táthar ag féachaint le hinfheistíocht a chur ar fáil chun infreastruchtúr digiteach agus cumas soláthróirí d’oideachas pobail a fhorbairt, lena n-áirítear gléasanna agus bogearraí a chur ar fáil agus méadú ar a gcumas foghlaim a sheachadadh. Dearadh an ciste seo go sonrach chun dul i ngleic le neamhionannais/éagothroime agus tacú le rochtain ar oideachas pobail, chomh maith le díriú isteach ar shainbhearta sa Straitéis Litearthachta Feadh Saoil do Dhaoine Fásta (ALL) agus maoiniú a threorú i dtreo teicneolaíochtaí agus gairis, rochtain pobail ar Wi-Fi agus acmhainní leathanbhanda a leathnú agus aghaidh a thabhairt go díreach ar riachtanais litearthachta neamhchomhlíonta chun rochtain ar oideachas agus oiliúint atá á dtairiscint ag ETBanna agus soláthraithe oideachas pobail.
Tá na deontais seo maoinithe ag an Roinn Oideachais agus SOLAS.
REACH Fund 2024
These grants are funded by the Department of Education and SOLAS.