Scoileanna

Is pátrún é Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin atá freagrach as soláthar oideachais mar a leanas: oideachas ilchreidmheach i Scoileanna Náisiúnta Pobail, i gColáistí Pobail Iar-Bhunoideachais agus Cláir Iar-Ardteistiméireachta atá ceangailte le Coláistí Pobail agus an Coláiste Iar-Bhunoideachais aonair agus is mó i nGaillimh agus Ros Comáin.

Cuireann ár scoileanna deiseanna foghlama d’ard chaighdeán ar fáil trí thaithí leathan churaclaim, idir acadúil agus fheidhmeach. Tairgtear seirbhísí tacaíochta suntasacha do mhic léinn trí struchtúir tréadchúraim, treoir, creataí foirne tacaíochta mac léinn agus ár gClár Críochnaithe Scolaíochta. Chomh maith leo sin, soláthraíonn ár scoileanna raon leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus comhchuraclaim de réir ár mbunluachanna, a thugann deis forbairt iomlán gach mac léinn a éascú agus an spás a chruthú dóibh chun a n-acmhainneacht dhaonna, spioradálta agus acadúil a bhaint amach.