Bliain Scoile ar Oileáin Árann

Ar mhaith leat bliain scoile a chaitheamh ar Oileáin Árann?

Tá an Scéim Bliain ar Oileán oscailte anois go dtí 11/02/2022.

Déanann an scéim seo maoiniú do scoláirí meánscoile a bhfuil cónaí buan orthu taobh amuigh den Ghaeltacht, ar dheontais lóistín ar feadh bliana chun freastal ar cheann den na scoileanna ar Oileáin Árann.

Má tá suim agat teacht ar feadh bliana, líon an nasc seo.

Cuirfear agallaimh ar líne trí Ghaeilge ar siúl an seachtain dár tús 07/03/2022.