Seirbhís Óige Roma i Contae Ros Comáin

Seolann ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) cás-staidéar ar bhunú agus rath Seirbhís Óige Roma, Contae Ros Comáin

Sheol Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) go hoifigiúil cás-staidéar ar bhunú agus rath Seirbhís Óige Roma inniu, 1 Márta 2023, san Ionad Quad Youth, Baile Ros Comáin. I dteannta David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB, chruinnigh daoine óga ón bpobal Roma i gContae Ros Comáin, an tSeirbhís Óige Roma, Seán Campbell, Príomhfheidhmeannach Foróige, baill d’fhochoiste Óige agus Ealaíon GRETB agus CYPSC Ros Comáin chun an ócáid a cheiliúradh.

Is féidir le seirbhísí óige ról lárnach a imirt i saol duine óig, go háirithe nuair a bhíonn deacrachtaí acu. Mar a mhínigh ball den tSeirbhís Óige Roma: “Bíonn siad an-chineálta liom agus táim thar a bheith buíoch gur éirigh liom teacht ar an áit seo. Tá sé mar a bheadh baile ó mo bhaile féin.”

Léiríonn an cás-staidéar an próiseas trínar aithníodh riachtanais an phobail Roma i Ros Comáin; bainteacht, rannpháirteachas, agus daoine óga den phobal Roma a choinneáil laistigh den tseirbhís. Is de bharr obair chomhairliúcháin leis na daoine óga, le soláthraithe obair óige agus le príomhpháirtithe leasmhara, chomh maith le taighde agus anailís ar bhearta go dtí seo, a thánagthas ar thorthaí an chás-staidéir seo.

Dúirt David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB, “Bhí rath ar an tseirbhís seo de thoradh comhoibriú agus tiomantas den scoth freastal ar riachtanais daoine óga.”

Táthar ag súil go bhféadfadh an cás-staidéar seo léargas a thabhairt ar thuiscintí agus treoir dea-chleachtais le haghaidh tionscadail eile ar mian leo an cineál seo oibre a athchruthú leis an bpobal Roma, nó le grúpaí mionlaigh eile.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Foróige Seán Campbell gur “togra ar leith é seo a chuir baile nua ar fáil do grúpa ilghnéitheach de dhaoine óga. Ba mhór an sásamh é grúpa de dhaoine óga a fheiceáil gafa go hiomlán i bhforbairt a gcuid díograis, bíodh sin i réimsí an cheoil, na teicneolaíochta, na healaíona nó sa spórt.”

Tá an tSeirbhís Óige Roma maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige trí ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tá sí faoi bhainistíocht Foróige agus tá sí lonnaithe i mBaile Ros Comáin agus i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi sholáthar d’obair óige i nGaillimh agus i Ros Comáin, nó chun teacht ar chóip den chás-staidéar, le do thoil tabhair cuairt ar www.gretb.ie nó seol ríomhphost chuig [email protected]www.gretb.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Tá an cás-staidéar ar fáil ag cás-staidéar