Cad is bun le Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach na Gaillimhe agus Ros Comáin?

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag tacú le seoladh Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach (CÁÓI), i gcomhar le hÉire Ildánach.

Déanfaidh GRETB áisitheoireacht ar an tionscadal píolótach agus díreoidh sé ar thógáil líonra chun eolas a roinnt agus comhoibriú a fhorbairt idir GRETB, údaráis áitiúla, an earnáil oideachais neamhfhoirimiúil, seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, agus seirbhísí óige. Deis a bheidh anseo comhpháirtíochtaí agus caidreamh nua a bhunú leis an earnáil chruthaitheach i nGaillimh agus Ros Comáin faoi seach.

Thar aon rud eile, cinnteoidh an Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach (CÁÓI) go mbeidh na daoine óga ag croílár forbairt agus cur i bhfeidhm deiseanna le go mbeidh siad bainteach le gníomhaíochtaí a bhfuil an chruthaitheacht mar bhunús leo. Is é cuspóir CÁÓI ná gníomhaíochtaí cruthaitheacha seach-churaclaim a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga, atá comhlántach don timpeallacht fhoirmiúil scoile ar bhealach neamh-phríomhshrutha.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Nicola Kerrigan – Comhordaitheoir d’Óige Chruthaitheach – GRETB.

[email protected] Teil: 086 0755270

Is é bunús an tionscadail CÁÓI ná go mbíonn gach gníomhaíocht, ceardlann, clár agus imeachtaí pleanáilte, deartha, agus faoi cheannas daoine óga. Beidh seo cuidiúil do thacaíocht agus do chothú cruthaitheacht óige, taithí chruthaitheach, scileanna cruthaitheacha, agus ceannaireacht chruthaitheach ag leibhéal áitiúil. Is cuid d’Óige Ildánach í CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin, tionscadal de chuid an Chláir Éire Ildánach, arb é a phríomhaidhm áisitheoireacht a dhéanamh d’fhás acmhainn chruthaitheach gach uile leanbh agus duine óg.

Cuireann CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin croíluachanna áirithe chun cinn ina cuid oibre ar fad. Ina measc seo, tá ionchuimsitheacht, glacadh le héagsúlacht agus comhionannas, chomh maith le cumarsáid a chothú le leanaí agus daoine óga a mbíonn sé deacair teacht orthu. Féachann CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin le hoibriú i ndlúthchomhpháirtíocht le soláthraithe áitiúla seirbhísí óige, agus leanfaidh siad modheolaíocht ina mbeidh an leanbh agus an duine óg i gceannas ar dhearadh, ar sheachadadh agus ar mheastóireacht a cuid clár. Beidh CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin dírithe ar fhreagairt do riachtanais daoine óga agus leanaí, mar a chuireann siadsan in iúl iad, trí chumarsáid agus taighde de réir Mhol na nÓg – aonad rannpháirtíochta óige na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Feidhmeoidh CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin de réir fheidhmeanna bainistíochta, maoirseachta agus comhlíonta GRETB. Tá an CÁÓI á bainistiú ag Comhordaitheoir d’Óige Chruthaitheach lánaimseartha. Tá maoiniú á chur ar fáil trí Cholún 1 Óige Chruthaitheach den Chlár Óige Ildánach, arb é a aidhm éiceachóras foghlama a chothú, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ina mbeidh eolas agus cruthaitheacht ina bpáirtnéirí comhionann i bhfoirmiú daoine óga. Gheobhaidh CÁÓI maoiniú ar bhonn bliantúil ón Roinn Oideachais faoin gclár Éire Ildánach. Nuair is ann do mhaoiniú, gheobhaidh GRETB maoiniú chomh maith díreach ó Éire Ildánach (Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán).