Child and Youth Creative Participation and Engagement

Is cúis áthais dúinn gur roghnaíodh é mar cheann de shé réigiún trasna na hÉireann chun Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach (CÁÓI) a fhorbairt, gné de chlár Éire Ildánach Rialtas na hÉireann.

Tugann CÁÓIanna raon leathan acmhainní le chéile, lena n-áirítear líonraí áitiúla a fhorbairt le heagraíochtaí chun deiseanna cruthaitheacha lasmuigh den am scoile a sholáthar le haghaidh leanaí agus daoine óga, deiseanna atá comhlántach do na suíomhanna foirmiúla ar bhealach neamh-phríomhshrutha.

Tá muid ag bainistiú forbairt CÁÓI (LCYP) na Gaillimhe agus Ros Comáin agus tá tús curtha againn le próiseas taighde le tuiscint a fháil ar a bhfuil ag tarlú faoi láthair ó thaobh forbairt chruthaitheach daoine óga trasna an dá chontae, agus féachaint le léargais a fháil ar an gcaoi is fearr le deiseanna nua do rannpháirtíocht chruthaitheach leanaí agus daoine óga i nGaillimh agus Ros Comáin a dhearadh, a fhorbairt agus a chur ar fáil amach sa todhchaí.

Tá gné chomhairliúcháin mar chuid den taighde agus tá raon suirbhéanna forbartha ag GRETB chun tuairimí leanaí agus daoine óga, oideoirí agus tuismitheoirí a spreagadh le go léireoidh forbairt na CÁÓI riachtanais pobail ag an leibhéal áitiúil.

Beidh cloisteáil faoina dtuairimí bunriachtanach d’fhorbairt raon seirbhisí cuí le haghaidh leanaí agus daoine óga agus bheimis an-bhuíoch dá mbeadh ar do chumas cuidiú le bailiú an eolais seo trí fheiceálacht an tsuirbhé a chruthú trí bhur gcainéil chumarsáide agus trasna bhur seirbhísí agus cláir áitiúla mar is cuí, agus go deimhin tríd an suirbhé ábhartha a líonadh tú féin.

Tá trí shuirbhé ar fáil:

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach (CÁÓI) – Suirbhé Soláthraithe Cruthaitheacha

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach (CÁÓI) na Gaillimhe agus Ros Comáin – Suirbhé Oideoirí/Tuismitheoirí

Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCruthaitheacht i nGaillimh agus i Ros Comáin

Fanfaidh suirbhéanna ar oscailt go dtí 17.00 ar an 30 Eanáir 2022.