Tá eTenders ag Athrú

Fógra Tábhachtach do gach Soláthraí GRETB

***Tá eTenders ag Athrú***

Tá sé fógartha ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) go bhfuil soláthraí nua roghnaithe aici don tseirbhís náisiúnta tairisceana, eTenders.

Beidh an t-ardán tairisceana náisiúnta, eTenders, ag athrú an 15 Bealtaine 2023.

Cé go n-aistreofar sonraí clárúcháin na n-údarás conarthach agus na soláthróirí araon chuig an ardán nua, beidh ar úsáideoirí sonraí áirithe, chomh maith le roinnt sonraí breise, a ath-ionchur agus a gcuntas á ghníomhachtú ar an ardán nua.

Is féidir le húsáideoirí logáil isteach agus a gcuid sonraí a dheimhniú chun rochtain a fháil ar an ardán ón 15 Bealtaine ar aghaidh, agus foilseofar comórtais nua ar an ardán ón 22 Bealtaine ar aghaidhchun am a thabhairt do sholáthraithe a chinntiú go bhfuil a gcuid faisnéise cothrom le dáta, agus go bhfuil siad cláraithe le haghaidh foláirimh ábhartha.

Eolas do Ghnólachtaí

Más ball thú de ghnó atá cláraithe ar eTenders, féach le do thoil ar an leathanach tiomnaithe nuashonraithe eTenders do ghnólachtaí.