Treoir don Scéim Deontais Óige
Tá maoiniú deontais ar fáil ag CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin in 2021, riartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB), faoi Scéim Deontais d’Óige Ildánach. Tacaíonn an scéim le forbairt cruthaitheachta leanaí agus daoine óga i nGaillimh agus Ros Comáin. Cuimsíonn seo an cleachtadh agus an phleanáil do chruthaitheacht óige a mhéadú ag an leibhéal áitiúil, ach níl sé teoranta do seo.
Is í an aidhm ná go mbeidh pé tionscadail chruthaitheacha a thagann chun cinn faoi threoir daoine óga maidir le dearadh, cur ar fáil agus measúnú ar dhul chun cinn tionscadail.
Tacaíonn an scéim deontais seo le costais a bhaineann le hoibriú tionscadail atá bunaithe ar na riachtanais atá aitheanta ag na daoine óga iad féin agus ag an earnáil óige go ginearálta. I measc na gcostas a chlúdaítear, tá costais tuarastail (táillí agus pá), cíos ar ionaid, iompar, ábhair cláir agus costais reatha ghaolmhara tionscadail. Trína tacaíocht d’fhorbairt deiseanna cruthaitheacha do dhaoine óga i nGaillimh agus Ros Comáin, féachann CÁÓI na Gaillimhe agus Ros Comáin le tacaíocht a chur ar fáil, tríd an scéim deontais, do thionscaimh ar leith atá inbhuanaithe.
Méid an Deontais: Uasmhéid Deontais ar Fáil €2,500
Eagraíochtaí/Seirbhísí/Tionscadail Incháilithe
Tá an scéim oscailte d’eagraíochtaí agus soláthraithe seirbhíse ar mian leo tionscadal inbhuaniathe agus spriocdhírithe a chur ar fáil. Fáilteofar roimh chomhshaothair idir seirbhísí/soláthraithe/eagraíochtaí.
Spriocghrúpa
Tá an Scéim Deontais d’Óige Chruthaitheach dírithe agus beartaithe do leanaí agus daoine óga ó aois 0 go 24 bliain d’aois, ar spéis leo páirt a ghlacadh i bpróiseas cruthaitheach atá grúpabhunaithe.