Plean Obair Óige 2021-2024

Home > Youth Creativity News > Youth Work Plan 2021-2024

Plean Obair Óige 2021-2024 seolta ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

Sheol Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin Plean Obair Óige 2021-2024 na heagraíochta don tréimhse 2021-2024 i bPáirc na Mílaoise, Gaillimh ar an Chéadaoin 21 Iúil. Bhí Príomhfheidhmeannach GRETB David Leahy agus Óige na heagraíochta, i láthair le ceiliúradh a dhéanamh ar an seoladh i dteannta ionadaithe ó Q Club, Club Shine, Galway Youth Theatre, Youth Work Ireland Galway agus Music Generation.

Oran, Aislinn, Sarah, Abbey Rae, Rebecca (representing Q Club Variety Group and Youth Work Ireland, Galway) attending the photo launch of GRETB’s Youth Work Plan 2021-2024. Photo Credit: Declan Colohan Photography.

 

Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí óige i saol an duine óig, go háirithe ag tráth a mbeifí ag déileáil le deacrachtaí ar leith, a mhínigh ball amháin de Galway Youth Theatre: “Is féidir leat spraoi a bheith agat, gáire a dhéanamh, labhairt le daoine agus rudaí fiúntacha, cruthaitheach a dhéanamh le chéile. Buanaítear cairdis láidir ar an bpointe agus casann tú ar dhaoine a bheidh mar dhlúthchairde nó ag roinnt tí leat amach anseo”.

Tugtar léargas sa Phlean Obair Óige ar fhís agus ar bheartais GRETB do sholáthar obair óige i gcontaetha na Gaillimhe agus Ros Comáin agus is toradh é ar phróiseas comhairliúcháin le daoine óga, le lucht soláthar seirbhísí óige agus le geallsealbhóirí eile chomh maith taighde agus anailís ar ghníomhaíochtaí agus ar pholasaithe reatha. Tá na spriocanna agus na gníomhaíochtaí sa phlean dírithe ar an fáil atá ar sheirbhísí obair óige ar ardchaighdeán a fheabhsú agus oibriú i dtreo an tábhacht agus an luach a bhaineann le hobair óige i saol an duine óg a chur chun cinn.

Ag labhairt do ag an ócáid dúirt David Leahy, Príomhfheidhmeannach GRETB, “Tá muid ag feidhmiú anois i dtréimhse atá lán le dúshláin agus le hathruithe. Tá uallach trom curtha ag Covid ar dhaoine óga agus deiseanna caillte acu casadh lena gcomhaoisigh agus a bheith páirteach i gclubanna iarscoile nó i gcaitheamh aimsire eile. Gnáth thaithí saoil iad sin nach raibh riamh in amhras roimh 2020. Teastaíonn spás i measc cairde ó dhaoine óga, anois níos mó ná riamh, ina mbraitheann siad sábháilte agus ar a gcompord.”

Members of Music Generation and Q Club Variety Group attending the photo launch of GRETB’s Youth Work Plan 2021-2024. Photo Credit: Declan Colohan Photography.

 

Is é atá i gceist le hobair óige ná clár pleanáilte oideachais neamhfhoirmeálta atá beartaithe cur le forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga agus a bhíonn eagraithe sa phobal ag soláthróirí obair óige.

Tugann GRETB tacaíocht, le maoiniú ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, do 21 tionscnamh óige a bhfuil baill foirne ina gceannas agus 108 club óige atá faoi stiúir oibrithe deonacha i réigiún na Gaillimhe agus Ros Comáin.

Tá tuilleadh eolais faoi sholáthar seirbhísí obair óige i nGaillimh agus Ros Comáin agus cóip den phlean ar fáil ach cuairt a thabhairt ar www.gretb.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Tuilleadh eolais faoin preasráiteas seo le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Nicola Kerrigan [email protected] 086 075 5270.

Moil Cheoil i mBéal Átha na Sluaighe agus sa gClochán
Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla